Tá Cumann Óige An Droichid ar an fhód le níos mó ná deich mbliana anuas ag cur seirbhís óige ar fáil do Ghaeilgeoirí óga ón Ormeau Íochtarach, an Margadh agus an Trá Ghearr, agus níos faide anonn. Cumann Óige beag ach bríomhar a bhí ann sular bhris COVID-19 amach agus beagnach 20 duine óg ag freastal air. Chuaigh muid ar líne i lár COVID-19 trí champaí fíorúla thar an tsamhradh, an tSamhain agus an Nollaig. Ba dheacair an tréimhse seo ach choinnigh muid orainn ag cur seirbhís óige na Gaeilge ar fáil do na daoine óga seo. Ba é an Campa Spóirt s’againn i Lúnasa 2021 an chéad imeacht fisiciúil mar chuid de sheirbhís óige an Chumainn agus mheall muid beagnach 30 duine óg ann. Lean muid an dul chun cinn seo nuair a d’oscail muid an Cumann Óige i nDeireadh Fómhair ’21 agus tháinig an borradh is mó ar na huimhreacha s’againn riamh.
Osclaíonn muid anois idir 6.15 agus 10in do dhaltaí bunscoile agus meánscoile araon achan Chéadaoin agus Aoine. Tá 40 duine óg ón bhunscoil agus 15 déagóir cláraithe le Cumann Óige An Droichid. Ar na mallaibh chuaigh muid ar turas go Fundamania, scátáil oighir agus chun na pictiúrlainne. Tá pleananna móra againn do thurais eile i mbliana!
Tá Cumann Obair Bhaile ar siúl againn i rith an lae chomh maith leis sin; achan Chéadaoin i bpáirtíocht le seirbhís óige áitiúil de chuid Lower Ormeau Residents’ Action Group (LORAG). Tá na huimhreacha sa Chumann seo ag méadú arís is arís fosta.
Tá 9 n-oibrí óige ag obair sa Chumann agus ar na mallaibh rinne seisear acu traenáil OCN leibhéal 2 san obair óige. Tá oibrí óige amháin anois ag dul don OCN leibhéal 3 san obair óige faoi láthair.