An raibh samhradh deas ciúin agat? An raibh deis agat do scíth a ligean? Nach orsta atá an t-ádh?! Thug Fóram na nÓg cúigear déag leo go campa Journey Free, comhlacht a bhunaigh Paul McKinstry, i bPáirc Foraoise Thulaigh Mhór chun Coiste na nGael Óg a athbhunú. Thosaigh an grúpa ag cur aithne ar a chéile le cluichí faoi scáth na ‘hArdeaglaise Foraoise’ a bhí in aice an champa. Idir tafann madaidh agus bogadh damhsa, ní raibh deis ag an ghrúpa a bheith ciotach nó faiteach!
Thug foireann an champa go trá Murlough chun snámh i gcoinne na dtonnta agus seal a ghlacadh ar na báid troitheán. Ina dhiadh sin, ghlac siad páirt i gceardlann faoin obair óige agus chuir plean le chéile don todhchaí. Tá sceitimíní orainn le forbairt an ghrúpa a fheiceáil. Chuir siad clabhsúr ar an lá le seisiún ceoil in aice na tine roimh dhul a luí.
Ar an dara lá chuaigh siad go Droichead na Fola agus thug iarraidh ar an bhollánóireacht fhliuch. Insíodh stair an droichead dóibh agus ag deireadh an imeacht léim siad san abhainn! Nuair a thriomaigh siad i dteas na gréine, abhaile leo le BBQ a bheith acu. Cuireadh i dtrí fhoireann iad agus bhí comórtas eitpheile acu i measc rudaí eile amhail báid a thógáil ó chupa páipéir agus babhla styrofoam.
Ag deireadh na hoíche deireanaí thóg siad tine ar an trá agus bhí seisiún machnaimh acu ar a n-eispéireas ag an champa. Chan siad amhráin agus rinne damhsa agus ba bheag nár chaoin siad roimh am dul a luí.
Is údar ríméid é d’Fhóram na nÓg go bhfuil Coiste na nGael Óg ar an fhód arís agus tá muid ag dréim go mór mór le todchaí agus obair an ghrúpa a fheiceáil i rith na bliana.