Archives

Campa Mhacha: CAIRDE Teo i lár an Aonaigh!

Tá Campa Mhacha 16 bliana ar an fhód anois agus tá CAIRDE Teo ag súil le 80 páiste ar an 4ú Iúil go dtí an 8ú Iúil i mbliana i gCultúrlann Aonach Mhacha. Tagann fórmhor na bpáistí ón bhunscoil áitiúil idir páistí Rang 1 go Rang 7.  Bíonn na ceardlanna, turais agus caidrimh uilig soláthraithe trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach. Tá an t-ádh dearg ar na páistí go mbeidh siad ag glacadh páirte i gceardlanna Íoga, ceardlanna CLG, Seó Sorcais leis na Fanzini Bros agus scoil Ghaiscígh agus Scéalta na gCrann in Eamhain Mhacha. Chomh maith le turais chuig EPIC i mBaile Átha Cliath agus Páirc Foraoise Colin Glen.

Tá foireann thar a bheith tiomanta, ardspreagtha de mhúinteoirí agus oibrithe óige ann le neart taithí le himeachtaí a chur ar fáil do na daoine óga. Tá gach ball foirne cáilithe, oilte agus tá grinnfhiosrúchan déanta ar an fhoireann ar fad ag cloí le reachtaíocht.

Is í an phríomhaidhm atá ag Campa Mhacha ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i measc na bpáistí taobh amuigh de thimpeallacht na Scoile.

I ndiaidh an Champa seo is í an sprioc atá ag CAIRDE Teo ná tógáil air sin agus Club óige agus club na ndéagóirí a athbhunú sa cheantar i ndiaidh dúinn cúpla bliain a bheith againn gan sin á reáchtáil de bharr COVID.