Archives

 

Ar an 14 Márta, rinne Fóram na nÓg ceardlann ag comhdháil bhliantúil Chomhairle na Gaelscolaíochta i gColáiste Feirste, Béal Feirste.  D’fhreastal níos mó na 50 múinteoir gaelscoile agus daoine eile a bhfuil suim acu i  gcúrsaí gaeloideachais ar an cheardlann seo.  Ba é téama an cur i láthair ná ‘Obair Óige Ghaeilge:  Tábhacht agus Tionchar.  Bhí an cur i láthair féin bunaithe ar an tábhacht a bhaineann le obair óige Ghaeilge don ghaelscolaíocht, agus  na ceimeanna le glacadh chun chlub óige a bhunú nó club reatha a fhorbairt.

Nuair a ghlacann daoine óga atá ag foghlaim trí Ghaeilge páirt in obair óige Ghaeilge, faigheann siad deis nua a gcuid Gaeilge a neartú agus a feabhsú i dtimpeallacht neamhfhoirmeálta, rud a chuireann go mór leis an obair atá á dhéanamh ar scoil cheanna féin agus a chuidíonn leis na daoine óga an teanga a úsáid go soisialta agus go nadúrtha i measc a gcairde.

Má tá suim agatsa club óige a bhunú i do cheantar féin, nó más maith leat tuilleadh eolais ar na buntáistí a bhaineann le obair óige Ghaeilge, déan teagmháil linn le do thoil.

 

 

On 14 March, Fóram na nÓg carried out a workshop at the annual convention held by Comhairle na Gaelscolaíochta in Coláiste Feirste.  More than 50 Irish school teachers and others with an interest in Irish-medium education attended this workshop.  The theme of the presentation was ‘Irish-medium Youth Work:  Influence and Imporance.’  It was based on the importance of youth work for Irish-medium education, and explained the next steps to take in order to establish a youth club, or to develop an existing club.

When young people who are learning through Irish take part in youth work through the medium of Irish, they get a chance to strengthen and improve their Irish in an informal environment, something which adds greatly to the work already being done in school and helps young people to use the language socially and naturally with their friends.

If you have an interest in establishing  a youth club in your own area, or if you would like more information on the benefits of Irish language youth work, please get in touch.

 

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta

IMG_2348