Tá Club Óige an Chaistil faoi lán seoil le blianta beaga anuas ag cur na Gaeilge chun cinn i dtuaisceart Chontae Aontroma. Bíonn an cumann ar oscailt oíche amháin in aghaidh na seachtaine faoi láthair ach reáchtáiltear turais lasmuigh de na huaireanta seo go rialta. Anuas air sin, tá sé de rún ag an chumann seirbhísí óige Gaeilge a sholáthar do bhreis agus 50 duine óga níos mó ná oíche amhain. Is í príomhaidhm ár gcumainn ná pobal a thabhairt le chéile agus beocht na teanga a fhorbairt araon. Déanaimid seo trí imeachtaí pobail a eagrú go rialta – bíodh sin cluichí nó ceol nó fiú amháin céilí a chur ar siúl don phobal. Is breá linn caidrimh dhaingne a thógáil leis an phobal agus an ceantar thart orainn fosta.
Déanaimid ceardlanna ar an tábhacht leis an timpeallacht agus na hiarmhairtí atá ann le bruscar a fhágáil thart faoin áit. Tuigeann cuid mhór dár ndaoine óga an tábhacht leis cheana féin agus iad ina gcónaí cois trá. Tugaimid ar siúlóidí iad ar an trá agus leis an Scoil Foraoise le giota craice a bheith againn. Ag an am chéanna, foghlaimíonn na daoine óga (agus na ceannairí!) faoin dúlra agus faoin mheas ba chóir a thabhairt ar an dúlra. Chan amháin seo ach tugann sé deis dúinn plé a dhéanamh ar stair na háite. Tá stair láidir shuimiúil ag Baile an Chaistil, an Mhaoil, agus Reachlainn. Ó thraidisiúin stairiúla amhail Aonach Lammas go seanchas áitiúil ar nós scéaltaí sí Bhóthar Dhún na Mallachta, cuireann sé gliondar ar ár gcroí go léiríonn na daoine óga an oiread sin suime i stair ár bpobail.
Chan ár bpobal amháin a bhfoghlaimíonn siad faoi áfach. Déanaimid roinnt ceardlann ar lucht dúchasach Mheiriceá agus an trasnachas atá ann idir ár stairse agus stair an lucht sin. Leis seo, foghlaimíonn ár ndaoine óga faoin Trail of Tears agus pónairí de chuid na Seiricíoch. Tugann na ceardlanna seo léargas do na daoine óga ar chultúir éagsúla agus léiríonn siad dóibh go bhfuil cosúlachtaí ann idir na muintireacha seo cé go bhfuil na mílte míle eatarthu!
Ag croílár ár gcumainn tá na daoine óga ann ar ndóighe. Bímid ag freastal ar agus ag soláthar seirbhísí óige do bhreis agus 50 duine óga uilig trí mheán na Gaeilge. Tá na daoine óga tiomanta agus spreagtha, réidh chun dul i dtaithí ar rud ar bith i dtólamh, agus cíocras orthu a bheith ag foghlaim i rith an ama. Bíonn siad díograiseach agus tógtha nuair a thagann siad chuig an chumann. Agus thairis sin ar fad – glan ar mire! Is daoine óga fuinniúla cumasacha iad uilig ar bhealaí éagsúla. Toisc go bhfuil siad chomh cumasach sin, déanaimid ceardlanna ar fhorbairt phearsanta na ndaoine óga ag díriú isteach ar chiorcal mór an tsaoil agus a roghanna don todhchaí. Bíonn siad á spreagadh againn i gcónaí agus iadsan dár spreagadh féin fosta.
Ba mhaith linn an obair fhiúntach seo a leanstan agus fáinne óir a chruthú do na daoine óga sa dóigh agus go bhfuil deiseanna acu ina saol agus deiseanna acu teacht ar ais a bheith ag obair linn chomh maith. Tá nasc aige seo lenár n-aidhm is mó den phobal a thabhairt le chéile. Bímid ag iarraidh ár ndaoine óga a dhaingniú sa phobal agus suim an phobail a dhaingniú iontu chomh maith!