Archives

Katie Ní Eireamhóin: Gael Óg ar son na Sluaite

Is mise Katie Ní Eireamhóin, tá mé seacht mbliana déag d’aois agus is Gael óg mé ón Uachtar Chluanaí. Thosaigh m’aistear agus mé i mo dhuine óg ag freastal ar an Ghaeloideachas agus ar an chumann óige agus mé mar pháiste. D’fhreastail mé ar an chumann óige ar feadh naoi mbliana agus tá mé anois mar oibrí deonach le Glór na Móna. Is dalta me ar Choláiste Feirste chomh maith. Tá m’oideachas ar fad faighte agam trí mheán na Gaeilge go dtí seo.

Le linn m’ama sa chumann tá neart idirdhealú feicthe agam i gcomparáid le mo chairde nach bhfuil Gaeilge acu. In 2017 tharla an géarchéim óige, rinneadh slad ar mhaoiniú Ghlór na Móna a chuir seirbhís óige i gcontúirt. Ba scannal iomlán é seo nach raibh pobal na Gaeilge sásta seasamh leis.

 

Bhí mé páirteach san fheachtas mar pháiste agus ag an am bhí mé brónach go raibh mo sheirbhís i gcontúirt ach níor thuig mé cé chomh dí-mheasúil agus cé chomh dona agus a bhí an t-idirdhealú a bhí á dhéanamh orainn. Anois mar dhéagóir atá iomlán tugtha don obair óige agus saol na Gaeilge, nuair a tharla seo arís dúinn i mbliana, cúig bliana i ndiaidh iarracht an EA slad a dhéanamh ar na seirbhísí – bhí fearg orm!! Sheas mé le mo chairde agus na hoibrithe agus throid muid in éadan na ndaoine i gcumhacht. Bhuail mé leis na maoinitheoirí agus thaispeáin muid, trí agóid agus stocaireacht, an tábhacht lenár seirbhísí.

 

Mar Ghael óg, ceistím ar an rialtas – “CÁ BHFUIL MO CHEARTA?” Tá Acht Gaeilge de dhíth orainn trí reachtaíocht chun ár seirbhísí, ár n-oideachas agus ár dteanga dhúchais a chosaint chun stad a chur leis an fháinne fí seo. Acht Anois!