Description

Is carthanas é Cairde Uí Néill agus is iad príomhaidhmeanna an ghrúpa ná an Gaeloideachas agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú i measc pobail Oileáin an Ghuail agus Chluain Eo in Oirthir Thír Eoghain. Ina theannta sin, tá sé mar chuspóir againn feasacht a fhorbairt i measc an phobail maidir leis na healaíona, ceardaíocht, traidisiúin, béaloideas, spórt, ceol, stair agus oidhreacht an cheantair ina maireann muid trí Ghaeilge.

Bunaíodh Cairde Uí Néill in 1993 gan brabach a dhéanamh ach leis an Ghaeloideachas agus leis an Ghaeilge a fhorbairt agus a chothú, ní amháin i bPobal Ghaelscoil Uí Néill ach in Oileán an Ghuail agus i gCluain Eo. D’éirigh leis an eagraíocht Naíscoil agus Gaelscoil Uí Néill a chur ar bun sa bhliain 1995. Tá os cionn 200 pháiste ag freastal orthu inniu (Naíscoil Bheag, Naíscoil agus Gaelscoil Uí Néill le chéile).

s ionann an coiste Chairde Uí Néill agus tuismitheoirí, iarthuismitheoirí, seanthuismitheoirí na Gaelscoile agus baill an phobail atá tiomanta don Ghaeilge agus dá forbairt.

Tá Cairde Uí Néill freagach as bainistiú agus as cúrsaí airgeadais na Naíscoile Bige agus na hIarscoile,a bhfuil dlúthbhaint acu le Gaelscoil Uí Néill.

Eagraíonn Cairde Uí Néill i gcomhpháirt lenár Oifigeach Forbartha Gaeilge Scéim Phobail Gaeilge ón bhliain 2011. Cuireann Cairde réimse leathan imeachtaí ar siúl sa phobal ar bhonn rialta le linn na bliana. Imeachtaí mar seo a leanas:

Ranganna do Fhoghlaimeoirí Fásta, Dianchúrsaí, Oícheanta Gaelacha, Tráthanna na gCeist, Léachtaí, Aifrinn na Gaeilge, Siúlóidí, Campaí Samhraidh, Turais chun na Gaeltachta, Club Leabhar, RITH, Seachtain na Gaeilge, LÍOFA, Ciorcal Comhrá, Feachtasaíocht, Comórtais don Chluichí Gaelacha, Féilte agus tuilleamh.

Location
  • Comments are closed.
  • [contact-form-7 404 "Not Found"]