Seirbhísí

[tab name=’ Seirbhísí ‘]

Cuireann Fóram na nÓg roinnt seirbhísí ar fáil don earnáil óige Ghaeilge.  Tá sé mar aidhm ag Fóram na nÓg seirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil atá in ann an earnáil óige Ghaeilge a neartú agus a laidriú.

Access NI

Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil teastas Access NI ag gach ball foirne nó oibrí deonach a bhíonn ag obair le daoine óga i club óige.  Is féidir le Fóram na nÓg cuidiú le clubanna óige na foirmeacha Access NI a líonadh isteach agus iad a chlarú ar leas an chlub óige.

Oiliúint

Cuireann Fóram na nÓg traenáil ar fáil do na hoibrithe óige san earnáil trí mheán na Gaeilge.  Ofrálaíonn Fóram na nÓg OCN Leibheáil 1, 2 agus 3 d’oibrí óige trí Ghaeilge atá dírithe ar dhuine ar bith atá ag obair san earnáil óige Ghaeilge.  Comh mhaith leis sin, chruthaigh Fóram na nÓg cuig mhodúil breise atá dearth go sáiniúl don earnáil.  Tá na modúil seo aitheanta agus creidiúnaithe ag an Chomhairle Óige.

Tacaíocht

Tugann Fóram na nÓg tacaíocht do chlubanna óige Ghaeilge, idir nua agus reatha, mar is iad na clubanna óige croílár na hearnála.   Cé nach foras maoinithe é Fóram na nÓg, tugann sé cuidiú agus comhairle chun foinsithe maoinithe a aimsiú, agus feabhas a chur ar seirbhísí trí samplaí dea-chleachtas a roinnt i measc na hearnála.  I rith an ama, bíonn Fóram na nÓg ag amharc ar an éileamh atá ann i gceantar ar bith nach bhfuil seirbhísí óige Ghaeilge ar fáil faoi láthair, agus tabharfaidh Fóram na nÓg cuidiú do cheantar ar bith atá ag iarraidh club óige a bhunú i gcomhair le grúpaí eile.

Stocaireacht

Is é croí ról Fhóram na nÓg stócaireacht a dhéanamh don earnáil óige Ghaeilge.  Ciallaíonn seo go bpléfidh Fóram na nÓg leis na údárais cuí uilig le bheith cinnte go mbeidh earnáil óige na Gaeilge maonaithe agus aitheanta mar is ceart.  Déanann Fóram na nÓg idirgabhála leis na hudarais óige nó oideachais, earnáil na Gaeilge agus eagraíocht ar bith eile atá in ann cuidiú linn chun seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do lucht óige na Gaeilge.  Is mar thoradh ar an obair stócaireachta seo go bhfuair Fóram na nÓg áit ag an Coiste Comhairliúchán Réigiúnda (Regional Advisory Group), a leagfaidh plean forbartha amach don earnáil óige i gcoitinne sna blianta atá romhainn.

Coiste na nGael Óg

Aithníonn Fóram na nÓg go bhfuil tábhacht ar leith le dearcaidh agus tuairimí daoine óga i leith na seirbhísí atá curtha ar fáil daofa.  Chuige sin, d’éascaigh Fóram na nÓg bunú Coiste na nGael Óg. Is foram é Coiste na nGael Óg do Ghaelgeoirí óga a thagann le chéile le bheith mar ionadaí dhaoine óga san earnáil óige.  Is féidir leat níos mó eolais faoin Choiste a aimsiú  anseo .

Má tá tú ag iarraidh úsáid a bhaint as na seirbhísí seo, nó má tá ceist ar bith agat faoi na seirbhísí atá ar fáil, déan teagmháil linn .

[/tab]

[tab name=’Services ‘]

Fóram na nÓg provides a range of services to the Irish language youth sector.  It is the main aim of Fóram  na nÓg to provide services which can strengthen and improve the Irish language youth sector.

Access NI

It is very important that every member of staff or volunteer who is working with young people in a youth club has an Access NI certificate.  Fóram na nÓg can help clubs for fill out the necessary forms for Access NI and register them on behalf of the youth club.

Training

Fóram na nÓg provides training for youth workers and volunteers through the medium of Irish.  Fóram na nÓg offers OCN Levels 1, 2 and 3 to youth workers, and has developed a further five modules which have been designed specifically for the Irish-medium youth sector.

Assistance

Fóram na nÓg gives assistance to Irish-medium youth clubs, both new and established, because the youth clubs are at the very centre of the sector.  Although Fóram na nÓg is not a funding body, it gives help in finding sources of funding, and to improve the services that are available by sharing examples of best practice within the sector.  Fóram na nÓg is always looking at areas where there are not currently Irish-medium youth services available to identify where there is demand, and Fóram an nÓg will give assistance to any area that would like to establish a youth club.
LobbyingFóram na nÓg has a role in lobbying on behalf of the Irish-medium youth sector.  This means that Fóram na nÓg deals with all the appropriate authorities in order to ensure that the Irish language youth sector is properly funded and recognised.  Fóram na nÓg liaises with all youth and education authorities, the Irish language sector and any other organisation that is able to help us provide better services to young Irish speakers.

Coiste na nGael Óg
Coiste na nGael Óg is a forum of young Irish speakers which come together in order to act as representatives for young people within the sector.   You can find more information about Coiste na nGael Óg here.
If you would like to avail of any of these services, or if you have any questions about the services that we provide, please contact us.

[/tab]
[end_tabset]